Rang 4 Nóra ('08-'09)


Tá 28 inár rang,16 cailín agus 12 buachaill. Réitíonn muid go hiontach lena chéile.Cosúil le gach páiste eile in Éirinn bíonn muid gnóthach gach lá agus muid ag tabhairt faoin obair scoile ach déanann muid rudaí breise freisin. Anuraidh, mar shampla, bhaineamar an chéad áit amach sa Féile Scoil Drámaíochta lenár ndráma 'An Taistealaí Ama'. Tá pictiúr den gcorn ar an suíomh seo. I mbliana chuireamar isteach ar an gcomórtas 'Doodle for Google' agus ó thús na bliana tá muid ag sábháil airgid go pearsanta don Nollaig. Le déanaí bhailíomar go leor boscaí d'Operation Christmas Child', tá súil againn go mbainfidh na páistí a fhaigheann iad taitneamh as na rudaí a chuireamar iontu.

No comments: