Tionscnamh Staire (R4 Siobhán/Deirdre) '09






















Rinne muid tionscnamh ar na Rómhanaigh. Bhí sé an-shuimiúil agus d'fhoghlaim muid go leor rudaí nua. Mar shampla:

  • ba ghá dóibh togaí a chaitheamh.

  • stopadh na buachaillí ag dul ar scoil ag aon bhliain déag d'aois.

  • bhíodh troideanna ag dul ar aghaidh sa Cholosseum.


Ealaín i Rang 4 Siobhán/Deirdre '08





Is breá linn Ealaín i Rang 4. Bíonn muid ag péinteáil, ag priontáil, ag tógáil, ag déanamh líníochtaí, ag úsáid fabraic agus snáithín agus ag cruthú rudaí iontacha as cré! Seo cúpla sampla.

Rang 4 ag Scátáil '08







Chuaigh an dá Rang 4, múinteoirí R4 agus cúpla tuismitheoir ag scátáil. Bhí spórt agus spraoi againn. Bhain muid an-taitneamh as. Bhí an-lá againn.



Rang 4 Deirde/Siobhán ('08-'09)


Seo é Rang 4 Deirdre/Siobhán. Tá 29 sa rang ar fad, 15 cailín, 14 buachaill. Tá beirt mhúinteoir againn. Is maith linn páirt a ghlacadh sa spóirt sa rang seo. Téimid ag snámh gach Céadaoin agus bhain muid taitneamh as Yoga a dhéanamh. Is iad na hábhair is fearr linn ná Ealaín agus Ceol. Táimid an-mhaith ag canadh agus bainimid sult as feadóg agus fidil a sheinm. Tá an Athchursáil an-tábhachtach dúinn sa rang seo. Tá muid an-mór lena chéile agus bímid ag obair agus ag spraoi le chéile gach lá. Labhrimid Gaeilge ar scoil.

Rang 4 Nóra ('08-'09)


Tá 28 inár rang,16 cailín agus 12 buachaill. Réitíonn muid go hiontach lena chéile.Cosúil le gach páiste eile in Éirinn bíonn muid gnóthach gach lá agus muid ag tabhairt faoin obair scoile ach déanann muid rudaí breise freisin. Anuraidh, mar shampla, bhaineamar an chéad áit amach sa Féile Scoil Drámaíochta lenár ndráma 'An Taistealaí Ama'. Tá pictiúr den gcorn ar an suíomh seo. I mbliana chuireamar isteach ar an gcomórtas 'Doodle for Google' agus ó thús na bliana tá muid ag sábháil airgid go pearsanta don Nollaig. Le déanaí bhailíomar go leor boscaí d'Operation Christmas Child', tá súil againn go mbainfidh na páistí a fhaigheann iad taitneamh as na rudaí a chuireamar iontu.